Sorry, this event is no longer for sale.

Swim Ireland Open Water Programmes, Trá na Tismeáine


Galway

Tosaitheoirí (Daoine Fásta) agus Feabhsaitheoirí (Daoine Fásta) - Trá na Tismeáine, An Cheathrú Rua, Gaillimh

Contact:

Event Description:

Tosaitheoirí

Tá an clár seo dírithe ar dhaoine a bhíonn ag dipeáil, ach nach bhfuil mórán muiníne acu nó nach bhfuil in ann snámh. Múinfear na bunscileanna snámha do rannpháirtithe agus is é sprioc an chláir ná go mbeidh na rannpháirtithe in ann 50m a shnámh go compóirdeach ag deireadh an chúrsa.

Suíomh: Trá na Tismeáine, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Fad: 8 seachtaine.

Cuirfear tús leis an gclár ag 6:00 i.n. Dé Déardaoin 1 Meitheamh ag Trá na Tismeáine, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus beidh seisiún ann uair sa tseachtain, ag 6:00 i.n. gach Déardaoin ar feadh 8 seachtaine.

 

Feabhsaitheoirí

Ar mhaith leat a bheith in ann snámh chomh fada leis an gcéad bhaoi sin? Más ea, seo é an cúrsa ceart duitse! Is í aidhm an chláir seo ná do mhuinín agus do theicníc san uisce faoin aer a fheabhsú. Ba chóir duit a bheith in ann 50m a shnámh faoi láthair, agus is é sprioc an chláir ná go mbeidh tú in ann 700m a shnámh ag deireadh an chúrsa. Maireann na seisiúin 45 nóiméad. Moltar do na rannpháirtithe culaith uisce a chaitheamh, ach níl sin riachtanach. Caithfidh gach rannpháirtí snámhán (tow float) a úsáid.

Suíomh: Trá na Tismeáine, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Fad: 8 seachtaine.

Cuirfear tús leis an gclár ag 7:00 i.n. Dé Déardaoin 1 Meitheamh ag Trá na Tismeáine, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus beidh seisiún ann uair sa tseachtain, ag 7:00 i.n. gach Déardaoin ar feadh 8 seachtaine